Iománaíocht ag dul ó neart go neart i gContae an Dúin!
11ú Aibreán 2025
Iománaíocht ag dul ó neart go neart i gContae an Dúin!
Bhí na páistí agus na baill foirne uilig ó Bhunscoil agus Naíscoil an Iúir faoi dhraoícht bhainisteoir fhoireann iomána na condae, Ronan Sheehan, inné nuair a tháinig sé ar cuairt leis an chorn a bhain a fhoireann ar na mallaibh. Labhair Ronan linn faoin spórt, faoin stair, faoin Ghaeilge agus gach rud eile atá tábhachtach sa saol! Go raibh míle maith agat a Ronan! Agus caithfidh muid duine amháin eile a lua - Fiadh i R2 a scríobh dán do Ronan agus a léigh é os ard dúinn uilig sa halla, maith í!!
Bunscoil an Iúir, 74 Kilmorey St, Newry BT34 2DH | Phone: 028 3026 0860